Scéimeanna Tithíochta

Is é an bealach is tábhachtaí inmharthanacht teanga a chinntiu ná í a thabhairt ar aghaidh ó ghlúin go glúin trid an teaghlach, i gcomhthéacs na Gaeilge go dtógfaí clann le Gaeilge mar mháthairtheanga. Ach is ní sóisialta í teanga a fhorbraíonn i gcomhluadar-comhluadar clainne cinnte ach i gcomhluadar pobail freisin. Go deimhin tá fianaise ar fáil, agus tá taighde ar siúl i láthair na huaire sa Ghaeltacht ar an ábhar seo, a léirionn go bhfuil an comhluadar chomh tábhachtach nó níos tábhachtaí i bhforbairt teanga daoine óga sa lá atá anois ann ná an teaghlach féin.

Mar gheall ar an mbealach maireachtála atá ag lánúin inniu - an bheirt tuismitheoirí ag obair go minic- bionn níos lú ama ag na tuismitheoiri le caitheamh leis na leanaí agus le forbairt a dhéanamh ar an gcuid scileanna cumarsáide i dteanga an teaghlaigh. Más teanga eile ar fad atá á labhairt sa phobal ciallaíonn sin gur minic a chaitheann na leanaí nios mó ama i suímh ina bhfuil an teanga sin á labhairt seachas a bheith ag plé agus ag caint sa teanga bhaile agus tagann níos mó forbartha sa dara teanga seachas sa mháthairtheanga agus dá bharr sin ar deireadh bíonn na leanaí níos compordai sa dara teanga ná sa mháthairtheanga.

I mbeagán focal chun miontheanga a thabhairt ar aghaidh ó ghlúin go glúin is gá go mbeadh pobal ann, pobal ina maireann na daoine in aice a chéile agus, chomh fada agus is féidir , go mbeadh institiúidí pobail, oideachais, sóisialta agus oibre acu le gur féidir leo saol iomlán a chaitheamh tríd an miontheanga.

Ba mhór leis an bhFondúireacht cuidiú le grúpaí ar spéis leo scéimeanna tithíochta a chur ar bun le haghaidh daoine a dteastaionn uathu a gcuid leanaí a thógáil le Gaeilge i gcomhluadar Gaeilge bíodh sé sa Ghaeltacht nó lasmuigh di.

 

Téigh ar ais go Tionscadal

Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh

An Óige

Cultúrlanna Gaeilge

Scéimeanna Tithíochta

Oideachas Tríú Leibhéal

 

Má tá grúpa nó meitheal agat a bhfuil spéis acu i Sceimeanna Tithíochta a bhunú déan teagmháil linn.

Tá Fondúireacht na Gaeilge Teo ag brath ortsa chun difriocht a dhéanamh.

Tabhair Tabhartais
Haghaidh Ordú Seasta