Oideachas Tríú Leibhéal

Tá céimeanna agus teastais trí Ghaeilge á thairiscint ag Fiontar agus ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus tá roinnt cúrsaí eile triú leibhéal ar fáil trí Ghaeilge sa tír chomh maith. Ni bheadh sé i gceist ag an bhFondúireacht aithris a dhéanamh ar a bhfuil ar síúl faoi láthair sna coláistí sin. Ba mhaith leis an bhFondúireadcht tacaíocht a thabhairt le chúrsaí a bhunú a mbeadh na tréithe seo a leanas acu:

  1. An nuálaíocht agus réimsí staidéir agus gníomhaíochta atá ar imeall an eolais reatha.
  2. Go mbeadh baint dhíreach idir an léann agus an gníomh, agus mar sin go mbeadh sé oscailte ar an bpobal maguaird, ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
  3. Go mbeadh iarracht faoi leith á dhéanamh chun pobal idirdhisciplíneach a chothú
  4. Go mbeadh tábhacht faoi leith á chur ar an nasc idir an fhoireann teagaisc agus na mic léinn, agus iarracht á dhéanamh meoin raidiciúil a chothú, cruthaitheacht a fhorbairt agus idéalachas a spreagadh.
  5. Go mbeadh radharc idirnáisiúnta ag an Institiúid seo agus béim ar an an domhandú agus ar chaidreaimh idirnáisiúnta ó thaobh eagsúlacht cultúrtha,forbairt inmharthana agus an nualaíocht ach go háirithe.
  6. Go mbeadh forbairt agus athchruthú an chultúir Ghaelaigh mar bhunghníomh na gcúrsaí. Bheadh béim dá réir ar chultúr uile Eireannach agus dhéanfaí iarracht faoi leith naisc a chothú le muintir na Gaeilge in Albain agus sna tíortha Ceilteacha eile amach anseo.
  7. Go mbeadh iarracht á dhéanamh pobal nua Gaeilge a chothú.

 

Téigh ar ais go Tionscadal

Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh

An Óige

Cultúrlanna Gaeilge

Scéimeanna Tithíochta

Oideachas Tríú Leibhéal

 

Má tá grúpa nó meitheal agat a bhfuil spéis acu i bhforbairt oideachas tríú leibhéal déan teagmháil linn.

Tá Fondúireacht na Gaeilge Teo ag brath ortsa chun difriocht a dhéanamh.

Tabhair Tabhartais
Haghaidh Ordú Seasta