Cultúrlanna Gaeilge

Tionscadal 16
CLICEÁIL ANSEO chun bileog Tionscadal 16 a fheiceáil

Seans ar bith go mbeadh cúpla Euro le spáráil agat?

LÁRIONAD NÁISIÚNTA NA GAEILGE I mBAILE ÁTHA CLIATH

Tá Conradh na Gaeilge agus Fondúireacht na Gaeilge tar éis teacht le chéile chun Lárionad Náisiúnta na Gaeilge a bhunú i mBaile Átha Cliath mar chomóradh ar Éiri Amach 1916. Glaotar TIONSCADAL 16 ar an bhfeachtas seo.

CLICEÁIL ANSEO chun bileog Tionscadal 16 a fheiceáil


CÉN FÁTH?

  • Déanfaidh Lárionad Náisiúnta na Gaeilge freastal go sonrach ar phobal na Gaeilge agus orthu siúd atá ag foghlaim na Gaeilge (lena n-áirítear scoláirí dara agus tríú leibhéal) trí réimse iomlán áiseanna cultúrtha agus sóisialta a chur ar fáil i dtimpeallacht Ghaeilge.
  • Cuirfidh sé áiseanna ar fáil don phríomhchathair i lárionad cultúrtha ilchuspóra amháin.
  • Feidhmeoidh sé mar ionad ceannais na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, ag cur fócas soiléir, láidir ar fáil do ghníomhaíochtaí Gaeilge sa phríomhchathair agus ag cur tacaíochta ar fáil do Ghaeilgeoirí ar fud na tíre agus an domhain.

AIDHMEANNA:

  1. Pobal na Gaeilge, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus go háirithe sa phríomhchathair, a shnaidhmeadh, a láidriú agus a mhéadú.
  2. Béim faoi leith a chur ar dhaoine óga a mhealladh chun an Lárionad a úsáid agus suim sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach a spreagadh iontu.
  3. Cur le híomhá agus le stádas na Gaeilge sa phríomhchathair, timpeall na tíre agus ar fud an domhain.
  4. Deis a chur ar fáil do dhaoine, as gach cineál cúlra, taithí cheart a fháil ar an nGaeilge agus ar an gcultúr Gaelach.
  5. Tionchar an Lárionaid Náisiúnta a leathnú mar chuid den straitéis náisiúnta chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a spreagadh agus a chur chun cinn go héifeachtach agus go héifeachtúil timpeall na tíre.

CÉ A BHAINFIDH LEAS AS AN LÁRIONAD?

  • Pobal na Gaeilge sa phríomhchathair agus go náisiúnta.
  • Lucht foghlama na Gaeilge, daoine óga ach go háirithe.
  • Daltai scoile san idirbhliain.
  • Sliocht na nGael thar lear agus eachtrannaigh a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge.

De réir an daonáirimh is déanaí (2006), tá leibhéal éigin cumais i labhairt na Gaeilge ag beagnach 41% den daonra, ó chainteoirí dúchais atá líofa go dtí an dream sin a bhfuil cúpla focal acu; tá os cionn ceithre chéad míle duine i gCathair agus i gContae Bhaile Átha Cliath astu féin san áireamh sa chatagóir seo.


ÁIT

I gceartlár Bhaile Átha Cliath idir an Rotunda i Sraid Uí Chonaill agus Faiche Stiofna le go mbeadh fáil air ó gach cuid de Bhaile Átha Claith.


ÁISEANNA & MÉID

Réimse maith de sheirbhísí agus d’áiseanna a chur ar fáil, ina measc

  • Spás il-úsáide le haghaidh drámaí, ceolchoirmeacha agus eile,
  • Seomraí ranga/ceardlann/cruinnithe,
  • Áiseanna le haghaidh ógchlubanna,
  • Naíolann agus naíonra ,
  • Club Chonradh na Gaeilge,
  • An Siopa Leabhar,
  • Seirbhís bhia,
  • Stiúideo raidió/teilifíse,
  • Oifigí d’eagraíochtaí Gaeilge agus nithe eile de réir éilimh agus riachtanais agus atá indéanta agus in acmhainn a sholáthair, a chuirfidh le dinimic an Lárionaid.

Dóthain spáis oifige a chur ar fáil do na haonaid éagsúla de chuid Chonradh na Gaeilge atá lonnaithe i gCeannáras an Chonartha faoi láthair.

Meastar go mbeidh 1500 méadar cearnógach ag teastáil.


CÉ MHÉAD ATÁ UAINN

Ag brath ar dhá ní - costas reatha foirgintí feiliúnacha i lár na cathrach agus an costas leis an áit a chóiriú. Meastar go mbeidh an costas iomlán idir 2 agus 3 milliún Euro. Is tionscadal substaintiúil agus uaillmhianach é seo.


SPRIOCDATA

An Cháisc 2016- mar chuid de chomoradh céad bliain 1916 as a d’eascair an Stát. Is bealach an-fheiliúnach é chun Éiri Amach 1916 agus a cheannairi, Pádraig Mac Piarais ach go háirithe, a cheiliúradh. Dá bharr sin glaotar Tionscadal a 16 ar an bhfeachtas seo.


TABHAIR TACAIOCHT DON TIONSCADAL SEO LE DO THOILL

Is Tionscadal mór é an tionscadal seo-an tionscadal is mó riamh ar thug lucht na Gaeilge faoi as a stuaim féin.Cuirfidh an Lárionad seo an teanga os comhair mhuintir Bhaile Átha Cliath i mbealach beomhar taithneamhach agus tabharfaidh sé deis do lucht na Gaeilge daoine nua, daoine óga ach go háirithe, a mhealladh isteach chun na teanga. Céim mhór chun tosaigh a bheas i gceist don teanga- ní hamháin i mBaile Átha Cliath ach ar fud na tíre- leis an Lárionad seo.


BEIDH CÉAD MILE FÁILTE ROIMH THACAÍOCHT AIRGID DON TIONSCADAL SEO

Fondúireacht na Gaeilge Teo.,

Cuntas an Lárionaid
43 Páirc Theampall Ruáin,
Baile Átha Cliath 16

GO RAIBH MAITH AGAT.

 

Téigh ar ais go Tionscadal

Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh

An Óige

Cultúrlanna Gaeilge

Scéimeanna Tithíochta

Oideachas Tríú Leibhéal

 

Tá Fondúireacht na Gaeilge Teo ag brath ortsa chun difriocht a dhéanamh.

Tabhair Tabhartais
Haghaidh Ordú Seasta